Lovecraft
Nuair a scríobh S.Albert Kivinen an gearrscéal udaí Péist an Mheán Oíche in Ikaalinen, is fánach Fionlannach a chuala iomrá ar Lovecraft agus a chuid scéalta, agus ní rabh ins an ainm udaí Cthulhu ach focal iasachta nach bhfaighfeá do theanga a chasadh ina thimpeall. Ós rud é go bhfuil ceolghrúpaí áithrid trommhiotail, dubhmhiotail, básmhiotail nó miotal ar bith eile comh doirte sin do mhiotas Cthulhu, agus cuid de na déagóirí comh tugtha sin don rac-cheol is troime miotail, is dócha go mb'iad na déagóirí seo an dream ba túisce a d'aithneochadh ainm Cthulhu san Fhionlainn nuair a tháinig scéal Kivinen i gcló an chéad uair. Is iomaí braon uisce a shnigh síos an abhainn ó shin i leith, áfach, agus is féidir glacadh leis gur chuir an tUasal Kivinen borradh thar na bearta ar scéalaíocht i stíl Lovecraft san Fhionlainn, nuair a shuigh sé Péist an Mheán Oíche in Oileán Ruutinkari in Ikaalinen. (Má chaith tú súil ar an léarscáil atá ar fáil ar an láithrean udaí ikaalinen.kuntanet.fi, is dócha gur chrothnaigh tú Ruutinkari i Loch Kyrösjärvi - tá Keturinkari ann, áfach, agus siúd is nár cheistigh mé an scríbhneoir fá chúlra an scéil go fóill, tá mé ag déanamh gurb as an oileán seo a d'ainmnigh Kivinen láthair imeachtaí an ghearrscéil.)
Nuair a foilsíodh Péist an Mheán-Oíche faoi chlúdach leabhair an chéad uair riamh, chuir Kivinen iarfhocal leis inar 'úirt sé go rabh na ruóga bainte de na geaftaí a bhíodh ag coinneáil an dorchadais amuigh: rinne na harrachtaigh as scéalta Lovecraft a n-ionradh ar an Fhionlainn. Ach ós rud é go rabh go leor ceisteanna le freagairt go fóill, d'iarr sé ar scríbhneoirí fantaisíochta eile na Fionlainne a gcasadh féin a bhaint as an Chuitilíocht. Ní miste cuimhne a choinneáil air, áfach, nach dual do scéalta i stíl Lovecraft cúrsaí craicinn a phlé ná foréigean a thaispeáint, ná ainmhithe a chéasadh. Ar ndóighe, níl sé comh simplí sin, nó bíonn daoiní agus ainmhithe á n-íobairt do na Seanóirí Móra ag Lovecraft uaireanta, ach tá an ceart ag Kivinen nach maith le Lovecraft scanradh a bhaint as a chuid léitheoirí le doirteadh fola ná le brúidiúlacht den chineál is gléiní, más féidir leis an cleas is dúcha dó a roghnú, is é sin, eagla roimh an rud anaithnid a chur ar an léitheoir. Coinníonn Lovecraft an léitheoir i bpianpháis lena chuid leideanna débhríocha, agus é ag fágáil faoi shamhlaíocht an léitheora féin faitíos a thiomsú agus a tharraingt.
Is é an gnáthphlota i ngearrscéalta Lovecraft ná go bhfaigheann fear óg uasal boladh rúndiamhrachtaí doiléire nach bhfuil sé féin róchinnte an eol dó cad é atá i gceist leofa. De réir a chéile, áfach, tuigtear dó go bhfuil sé ag múscailt is ag rúscadh fórsaí osnádúrtha nach bhfuil sé in ann acu. Sa deireadh thiar thall, théid ceal i mo dhuine ar bhealach dochuimsitheach, agus é á shú isteach i ndomhan na ndéithe diabhalta is na n-arrachtach uafásach atá dúisithe aige.
Cérbh é an fear féin, áfach?
B'as Nua-Shasain dó, agus pór na huasaicme Protastúnaí ann ó thaobh na dtaobhann. B'as Providence do mháthair Lovecraft, Sarah Susan Phillips, ach is i mBostún a chuir an lánúin fúthu i ndiaidh a bpósta, agus an bhliain 1889 ag druidim chun deireanais. Trádálaí taistil a bhí ins an athair, Winfield Scott Lovecraft. Rugadh Howard Phillips Lovecraft sa bhliain 1890, ach ní rabh sé daite dó a chéad óige a chaitheamh faoi chúram a thuistí féin: is amhlaidh go rabh sé ina thachrán i gcónaí, nuair a buaileadh Winfield Scott Lovecraft breoite le galar intinne, agus i ndiaidh dó cupla bliain a chaitheamh i dteach na ngealt, d'éag sé fá dheoidh. Tá siad ann a chreideanns nach galar intinne a bhí ann ar aon nós, ach an cineál lobhadh is toradh deiridh don bholgach Fhrancach (sifilis), agus í fágtha gan leigheas i bhfad. Tá an dá bh'fhéidir ann, áfach. Bhí galair ghnéis sách leitheadach i Meiriceá san am, ach má bhí féin, ní chreideann ach cuid de na húdaráis sa teoiric seo. Ón taobh eile de, b' i dteach na ngealt a shíothlaigh Sarah Susan fosta, comh maith lena fear céile roimpi.
Eadar an dá linn, áfach, chuaigh sí a chónaí go Providence, tigh a hathara, agus b'ansin a chaith Howard óg an chuid ab fhearr dá chéad óige. Bhí leabharlann mhór mhillteach sa teach, agus is luath a thug an buachaill óg toil agus taithneamh don léitheoireacht agus don scríbhneoireacht. Nuair a bhí sé ina spuraicleach déagóra, agus fonn féinmharfa air, cosúil le go leor buachaillí san aois sin, b'é a saint chun léitheoireachta a shábháil é, nó sa deireadh thiar thall ní bhfaighfeadh sé an saol seo a thréigbheáilt agus an oiread sin leabharthaí nach rabh léite aige go fóill, an oiread sin léinn is eolais le foghlaim go fóill.
Bhí saol sách sámh aige i dteach a athara mhóir go dtí an bhliain 1904, nuair a bhí Lovecraft ceithre bliana déag d'aois: b'ansin a cailleadh an seanfhear, agus ó nárbh acmhainn le Sarah Susan an mainéar sin de theach a choinneáil ná a reachtáil, fuair sí riachtanach aistriú go teach ní ba lú. Bhain na himeachtaí seo stangach millteanach as an bhuachaill óg.
***
Fear féinteagasctha a bhí i Lovecraft riamh. Níor cheadaigh a shíorbhreoiteacht dó ardteistiméireacht a bhaint amach ná staidéar a dhéanamh ar an ollscoil, agus caithfidh sé gur ghoill an bhris seo go mór air. Mar sin féin, d'éirigh leis é féin afhódú ina mhionscríbhneoir, ina bhreacaire páipéir agus ina sclábhaí údair agus é sách óg go fóill. An chéad alt a tháinig i gcló óna pheann, b'é an Providence Journal a d'fhoilsigh é, agus bhí saoldearcadh an fgir óig - ní rabh sé ach sé bliana déag san am - múnlaithe go leor cheana féin, nó is é an rud a bhí ann ná ionsaí ar an astralaíocht agus ar na tuismeánna. Is deacair a leithéid a shamhlú le fear a scríobhadh scéalta uafáis fá dtaobh d'arrachtaigh neamhshaolta, b'fhéidir, ach is amhlaidh gur fear mór réasúnachais agus ábharachais a bhí i Lovecraft riamh nach dtabharfadh creidiúint ar bith d'aon seort asarlaíochta, agus é iontach fuarchúiseach i leith an reiligiúin fosta. Ós rud é gur fear de phór uasal a bhí ann a chaith an chuid ba mhó dá shaol i gcruatan - fear den chineál sin a bhí thíos le teacht na nua-aoiseanna, thiocfadh a rádh - chaill sé an dearcadh dóchasach is dúal don pháiste, agus fágadh ina dhuarcán dhúsmánta é nach gceadóchadh a ábharachas dian dó a dhul ar lorg an tsóláis sa reiligiún. Níl a fhios agam an rabh sé in aon teagmháil le reiligiún ina bhrín óg dó, ach tá sé incheaptha ar aon nós gur bhain Protastúnachas duairc a mhuintire scanradh as agus nach bhfuair sé blas ceart ar an chreideamh riamh mar rud.
Bhí Lovecraft tugtha do litríocht Shasanach na hochtú haoise déag, agus cumha air i ndiaidh na laethanta a bhí agus nach bhfaca sé riamh lena shúile cinn féin. Déanta na fírinne, bhí sé comh doirte d'achan chineál Sasanachais agus go dtiocfadh leat tréas a chur ina leith - tréas ar a thír dhúcháis, Stáit Aontaithe Mheiriceá. Nó bhí sé den bharúil nach rabh i gceist le réabhlóid Mheiriceá agus cogadh fuascailte na tíre, thiar sna blianta 1776-1783, ach ceannairc mhídhílis agus feall ar Rí oirirc na Breataine. Aontachtóir nó fiú Dílseoir a bhéarfá ar a leathbhreac i dTuaisceart na hÉireann inniu.
B'fhéidir nach mba chóir domh bheith comh cruaidh seo ar mo dhuine, i ndiaidh an iomláin dheirg, nó dealraíonn sé nach rabh ins an tSasanachas seo ach an cineál saobhmhórtas cine is dual do chlann na n-uasal agus iad i ndiaidh céim síos a fháil ón tsaol mhór - an mórtas náirithe nó gortaithe cine a d'fhág a shliocht ar chuid mhór dár chum na filí Gaelacha, ar nós Dháibhí Uí Bhruadair, i ndiaidh "thonnbhriseadh an tseanghnáthaimh" san tseachtú haois déag. - Duine den chineál sin a bhí i Lovecraft, gan aon agó. Ba chuid de seo fosta an ciníochas atá le haithne ar shaothar áithrid le mo dhuine. Bhí eagla air roimh na Giúdaigh, na Gormaigh agus na Fionlannaigh (!), nó ba dóigh leis go rabh na ciníocha iasachta seo le cultúr a aicme féin a chur de dhroim an domhain ar fad. De réir a chéile, áfach, thréig an ciníochas é, agus é ag teacht isteach ar an tsaol mhór amuigh. Dealraíonn sé nach rabh ann ach smionagar smaoiteachais a thóg sé ó na seanleabhartha a léadh sé. Nuair a fuair sé aithne ar shaol na scríbhneoirí amaitéaracha, agus é ag scríobh na céadta litreacha chuig cairde a casadh air ins na ciorcail seo, tháinig maolú ar a chuid réamhbhreithiúnaisí i leith ciníocha éagsúla, agus é in ann a thuigbheáil go rabh daoiní de na ciníocha seo ábalta cultúr den chineál a thaitin leis féin a chruthú. Giúdach mná a bhí i Sonia Greene, an bhean a phós Lovecraft, agus é cúig bliana déag is fiche d'aois; is fíor go bhfuair siad colscaradh cúig bliana ina dhiaidh sin, ach más amhlaidh féin, níorbh é ciníochas Lovecraft ba chúis leis, ach cúiseanna pearsanta eile ar fad: ní rabh fear uasal de phór Phrovidence sásta bheith beo ar ioncam a mhná céile, ach ós rud é go rabh Sonia ag saothrú níos mó airgid ina húinéir siopa ná a fear ar a chuid scríbhinní, ní rabh de roghain aige ach seo nó dealú óna mhnaoi.
Bhí an scríbhneoireacht mar ghléas beatha ag Lovecraft as a óige, dáiríribh, nó ba sclábhaí údair é i mbreis ar a bheith ag foilsiú altanna agus scéalta faoina ainm féin. Mar shampla, scríobh sé scéal eachtraíochta do Harry Houdini féin, a bhí thuas fán am seo ag léiriú a chuid ealaíon ag seangú as na slabhraí ar stáitsí siamsaíochta Mheiriceá. An scéal a chum sé do Houdini, bhí sé inste as peirspictíocht an chéad phearsa - is é sin, bhí Houdini féin in ainm a bheith ag inse an scéil - ach bhí na himeachtaí suite i dtimpeallaíocht neamhshaolta den chineál a thabhaigh a chliú d'fhíorúdar an scéil. Is dócha gur faoi ainm Houdini a foilsíodh an scéal ar tús, ach ní bhíonn sé doiligh inniu theacht trasna air i ndíolamaí de scéalta Lovecraft, agus a stíl so-aitheanta ar fad.
Ní hionann is a rádh, ar ndóighe, nach bhfuair Lovecraft deacair, ó am go ham, a stíl agus a ghuth féin a fhorbairt mar scríbhneoir. Bhíodh sé féin barúlach go rabh an iomarca tionchair ag an Tiarna Dunsany agus ag Edgar Allan Poe air. Léitear Poe i gcónaí, ach maidir le Dunsany, níl sé mórán as bealach a rádh go bhfuil buaidh beirthe ag Lovecraft ar a dhíol aithrise. B'ó Dhunsany a fuair Lovecraft an radharcra brionglóideach agus an gheograife shamhlaitheach den chineál atá le haithne, ach go háithrid, ar an ghearrúrscéal udaí The Dream-Quest of Unknown Kadath.
Inniu, áfach, táimid in ann saintréithre Lovecraft a shonrú agus a léarscáiliú go cuimsitheach. Ós rud é gurb as scríbhneoireacht uafáis an Ghotachais a fáisceadh é, agus tionchar thar na bearta ag máistir na gné, Poe, air, is maith le Lovecraft aidiachtaí móra a tharraingt air, gan aon trácht a dhéanamh ar an ársaíocht teanga. Mar a chonaic muid, tháinig an ársaíocht seo leis go nádúrtha - b'í an teanga liteartha ba dúcha dó, ó bhí sé comh doirte sin do litríocht Bhéarla na hochtú haoise déag ina óige - ach má tháinig, níl sé deacair a chreidbheáilt go bhfuair sé athneartú agus tacú dá chlaonadh chun Baróchachais agus chun ársaíochta i scríbhinní leithéidí Phoe.
Cleas níos barrúla, níos úire a bhí ann go dtiocfadh le Lovecraft arrachtach nó neamh-mharbh a chur ag inse an scéil. Tráchtann Mattias Fyhr ina aiste Sualainnise fá Lovecraft ar an ghearrscéal udaí The Outsider, nó duine neamh-mharbh - marbhán ag taibhseoireacht - atá mar phríomhphearsa sa scéal áithrid seo. Murab ionann agus ba ghnách i scéalta den chineál seo roimh lá Lovecraft, ní namhaid le díothú atá ins an neach seo ach, fiú, cineál laoch, agus i ndeireadh na dála, tá sé in ann sult nó sásamh a bhaint as saol seo an mharbháin; ar a laghad, thig leis é féin a mhothú compordach fán chineál seo eiseadh. (Eiseadh, a chairde, sin é an focal Gaeilge a thug Colmán Ó hUallacháin dúinn ar existence ina Fhoclóir Fealsaimh.) Fíor-nuáil a bhí i gceist leis an chleas seo ag Lovecraft, agus bhí scríbhneoirí eile uafáis sách mall ag déanamh aithrise air. Mar shampla, is dócha go mb'é Anne Rice an chéad scríbhneoir a bhí sásta caitheamh leis na súmairí mar laochra a dtiocfadh leis an léitheoirí a chomhionannú a dhéanamh agus bá a ghlacadh leofa.
Más féidir le Lovecraft dlúthpháirtíocht a léiriú leis na harrachtaigh féin, thig leis fosta craiceann inchreidte síceolaíochta a chur ar an chaochló ó dhuine go harrachtach: mar dheismireacht, luann Fyhr an scéal udaí The Shadow over Innsmouth, ina dteántar neach neamhshaolta farraige d'fhear inste an scéil, nó taispeánann Lovecraft an dóigh a dtig an draíocht i leaba na heagla ar an duine seo, agus é ag dul i malairt clí i ndiaidh dó tolgadh an chaochlóidh a thógáilt.
Cuid thábhachtach d'ollchruinne na Cuitilíochta iad na leabhartha fosta, ar nós Necronomicon, Unaussprechlichen Kulten, Cultes des Ghoules agus araile. Nuair a bhí Lovecraft ina pháiste, b'iad na leabhartha príomhfhoinse suilt, subhachais, eachtraíochta agus aislingí a shaoil, agus is féidir a chreidbheáilt go dtugann sé cineál ómós do chumhacht na litríochta mar rud fríd a chur in iúl go bhfuil fórsaí millteanacha neamhshaolta i seanleabhartha agus i leabharlanna leathdhearmadta. Ní hamháin go bhfuil an peann ábalta ar an rí a chur as a chathair agus an tíoránach a ruaigeadh - tá Lovecraft ag tabhairt le fios gur féidir an cultúr, an tsibhialtacht agus ordú na hollchruinne féin a chroitheadh as a chéile - ar acht go bhfuil teacht agar ar na leabhartha cuí.