2004-01-22

An Ghaeilge san AE


Ó/From: Panu Petteri Höglund,
Åbo/Turku, An Fhionlainn

Chuig/To: Páirtithe Polaitiúla Oireachtas na hÉireann
Taoiseach na hÉireann
Aire Gnóthaí Eachtracha na hÉireann

A Chara,

Is teangeolaí ón bhFionlainn mé, agus mé ag gabháil don Ghaeilge is
don Ghaeilgeoireacht le hocht mbliana anuas. I dtús na n-ochtóidí,
nuair nach raibh mé ach cupla bliain thar an deich d'aois, a chuir mé
an chéad suim sa Ghaeilge.

Roimhe sin féin, siúd is go raibh sé ina ghnáthfhíric ag Tadhg an
mhargaidh san Fhionlainn féin gurbh é an Béarla teanga na hÉireann,
léigh mé ar mo théacsleabhar geograife ar scoil gurbh iad "iiri ja
englanti", an Ghaeilge agus an Béarla, teangacha na hÉireann.

Agus ós rud é go raibh an fhiosrúlacht i mo dhúchas riamh,
chuaigh an criomán eolais áirithe seo greamaithe i mo chuimhne. Ach
nuair a thaispeáin teilifís na Fionlainne clár faisnéise le craoltóir
mná Fionlannach inar cardáladh cruachás na Gaeilge in Éirinn, mhothaigh
mé go raibh sé dírithe orm féin go pearsanta, go raibh na daoine a bhí
faoi agallamh ag an gcraoltóir agus iad ag déanamh a ngearáin faoi
fhadhbanna na Gaeilge - go raibh siad ag iarraidh orm lámh chuidithe a
shíneadh ionsorthu.

Ós rud é go mbíodh mo mhuintir sáite go domhain i gcúrsaí athréimnithe
na Fionlainnise mar theanga chultúrtha, ba dual dom an achainí seo a
fhreagairt. Nuair a chuala mé an chéad iomrá ar athbheochan na Gaeilge,
agus an cúlra a bhí agam, ba léir dom ó thús gur cúis uasal a bhí ann
arbh fhiú dom dúthracht mo shaoil a chaitheamh léi. Cúis den chineál
chéanna a bhí ann agus an chúis a bhí mar réalt eolais ag tuismitheoirí
mo mháthara féin, an tseanlánúin a bhfuair mé an chuid ab fhearr de mo
thabhairt suas uathu. D'fhéadfá a rá gur cúis a bhí ann a bhí ag teacht
go huile is go hiomlán le mo thógáil is le mo thabhairt suas. Ó bhí an
Fhionlainnis slán sábháilte cheana féin, ba dual dom dul ar lorg
cúiseanna cosúla: teangacha difriúla deacra neamhfhorleathana a raibh an
bás ag bagairt orthu. Ní nach ionadh gur tháinig mé trasna ar chúis
athbheochana na Gaeilge chomh luath is a tháinig.

Ina dhiaidh sin, d'áitigh mé orm nach le haislingí den chineál seo a
bhí mo luí, ach le rudaí praiticiúla. Mar sin, chuaigh mé le ceimic ar
dtús. Ach mar sin féin, chuaigh an Ghaeilgeoireacht go smior ionam sula
raibh a fhios agam féin. Ba dual dom dul leis an nGaeilge, siúd is go
raibh mé ag cur ina haghaidh i gcónaí. Sa deireadh thiar thall, d'éirigh
mé as an gceimic le cromadh ar na teangacha - ar an nGearmáinis, ar an
Rúisis, agus ar an bPolainnis. Agus ansin, chuir mé sonrú sna
téacsleabhair Ghaeilge a bhí ag fanacht le lá a léite ar an tseilf. Dar
liom gurbh olc an mhaise gan staidéar éigin a dhéanamh orthu, ó bhí siad
agam. Mar sin, chrom mé ar an nGaeilgeoireacht faoi dheoidh. Agus níor
éirigh mé aisti riamh. Ní éireoidh mé aisti choíche.

Bíonn muintir na hÉireann ag síleadh, agus ag áitiú ar a chéile go
minic, nach féidir cúis na Gaeilge a ghlacadh dáiríre - nó, le bheith
beacht, gur chóir éirí as an gcúis sin, cionn is nach dtagann le muintir
na hEorpa a thuiscint, cad chuige a mbeifí ag cur ar son na teanga. Iad
sin, áfach, a shíleann amhlaidh, níl a fhios beo ná marbh acu staid na
dteangacha san Eoraip, ná stair na dteangacha in ilchríoch na hEorpa. Tá
an Eoraip breac le tíortha agus le náisiúin arbh éigean
dóibh troid a chur le cearta teanga a bhaint amach ó rialtas iasachta.
Tá muid in ann sibh a thuiscint i bhfad níos fearr ná a shíleann sibh go
bhfuilimid.

Is é an locht is mó a fhaigheann lucht a cháinte ar Aontas na hEorpa ná
nár tháinig sé le chéile riamh ach amháin le cuidiú le lucht an rachmais
mhóir an chosmhuintir a dhúshaothrú agus an t-airgead mór a chur in aice
le chéile. Bhí mé féin as pabhar drochamhrasach nuair a chuaigh an
Fhionlainn san Aontas. De réir a chéile, áfach, tháinig maolú ar an
drochamhras. Nó nuair a chuala mé daoine óga ón Eoraip ag déanamh comhrá
le chéile inár dteanga féin - an Fhionlainnis, teanga atá i bhfad níos
difriúla le formhór theangacha na hEorpa ná an Ghaeilge féin - agus iad
i ndiaidh an chéad aithne a chur ar a chéile trí mheán na teanga sin,
tuigeadh dom go raibh níos mó i gceist leis an Eoraip ná an t-airgead.
Nuair a chonaic mé na daoine óga ó thíortha eile ag éisteacht lenár
gcuid cheoil agus ag dearcadh ar ár gcuid scannánaíochta, tuigeadh dom
nach seafóid óráidíochta amháin atá i gceist le comhoidhreacht
chultúrtha na hEorpa, ach rud beo bríomhar bíogúil breabhsánta, agus é
ag faibhriú is ag forbairt leis inár measc de réir mar is mian linn féin.

Nuair a chuaigh Éire san Aontas an chéad uair riamh, thairg na tíortha
Eorpacha eile teanga oifigiúil ar comhstádas leis na teangacha eile a
ghairm den Ghaeilge. Is é an freagra a fuair siad nach raibh a leithéid
ag teastáil ó Éirinn, rud a bhain stangadh as ionadaithe na dtíortha
eile, ó bhí siadsan ag déanamh siúráilteacht de go mbeadh na
hÉireannaigh á éileamh sin. Inniu, is é an tuairim atá acu siúd a
d'eagraigh an feachtas úd STÁDAS, is é an tuairim atá agam féin, agus,
is dócha, ag cuid mhór den tseachtó míle de dhaoine a shínigh an achainí
a chuir mé ar an idirlíon as mo stuaim féin, - is é an tuairim atá
againn ná gur feillbheart a rinne rialtas na hÉireann an t-am sin. Agus
ní hamháin gur fheall siad ar a dtír féin - is é an rud a rinne siad
freisin ná sinne, muintir na dtíortha Eorpacha eile, a dhiúltú faoin
nGaeilge. Ach más feall, fillfidh. Tá sé in am ag rialtas na hÉireann an
Ghaeilge a thabhairt ar ais don uile Eoraip. Impím ar Dháil Éireann agus
ar Rialtas na hÉireann an teanga a chur ar fáil dúinn uile, i gcruth is
go mbeadh de sheans is d'áiméar againn uile blas ceart a fháil ar an
gcuid is bunúsaí de chultúr na hÉireann.

Is mise, le meas

PANU PETTERI HÖGLUND
Máistir Ealaíon (an Léann Gearmánach, Polannach agus Rúiseach)
Åbo/Turku, an Fhionlainn

0 turpaankerjuuta:

Lähetä kommentti

<< Himaan