Conchúr Crús Ó Briain agus na hIar-Stailínigh san Fhionlainn
Bhí mé riamh den bharúil go bhfuil Conchúr Crús Ó Briain iontach cosúil - coltach cosúil, mar a deirtear i nGaeilge Oirthear Uladh - leis na sean-Stailínigh san Fhionlainn a thug droim láimhe lena gcuid seanidéal. Ar ndóigh, ní iar-Stailíneach é an Crúiseoir, ach iar-náisiúntóir Éireannach agus col is snomh is fuath na ndaol glactha aige anois lena sheanchreideamh féin. Ina dhiaidh sin, tá na meicníochtaí intinne - más ann dá leithéid d'fhocal - b'fhéidir gurbh fhearr "inneall na hintinne" a rá! - sea, tá inneall na hintinne aige ag oibriú ar an mbealach céanna. Is é sin, agus é i ndiaidh droim láimhe a thabhairt le hidéil a óige, síleann sé gur chóir don uile dhomhan na hidéil sin a thréigean ina dhiaidh, agus aon duine a chloíonn leis na hidéil sin i gcónaí, is fágálaí é. Tá sé tuigthe aige chomh héadulangach agus a bhí sé féin, tráth, agus é ina Stailíneach/ina náisiúntóir buile, agus mar sin, aon duine atá fós ina shóisialach nó ina náisiúntóir, fiú ina náisiúntóir den chineál is measartha amuigh, glacann sé leis go bhfuil sé chomh héadrom sa chloigeann agus a bhí sé féin, nuair a chloíodh sé leis an idé-eolaíocht sin.
Go bhfios dom, b'é tús na dTrioblóidí ba chúis leis an dóigh ar éirigh an Crúiseoir as an náisiúnachas Éireannach. Rinne Proinsias Mac Aonghusa tagairt éigin d'athrú intinne an Chrúiseora sa leabhar a scríobh sé fá dtaobh de stair Chonradh na Gaeilge le céad bliain an Chonartha a cheiliúradh. Más buan mo sheanchuimhne bhocht chráite chranraithe, b'é ba tuairim le Proinsias ná gur duine loighiciúil amach is amach a bhí sa Chrúiseoir, agus nuair a ghlac sé snomh leis an bPoblachtánachas, ní thiocfadh leis ach an col céanna a thabhairt do gach cineál náisiúntóireacht, nó, le bheith beacht, le gach aon idé, gach aon idéal agus gach aon ghluaiseacht pholaitiúil a raibh analach éigin le haithint idir iad agus an náisiúnachas Éireannach. Is é sin, má thug sé droim láimhe leis an náisiúntóireacht, ní raibh sé in ann ach an droim láimhe céanna a thabhairt le cúis an díchóilíneachais sna tíortha neamhfhorbartha agus le cúis saoirse ar bith eile.
Anois, déarfainn go raibh Mac Aonghusa cineál róchúirtéiseach agus é ag tabhairt "loighiciúlacht" ar an tsaintréith intinne seo. B'fhearr liom a rá go lom nach raibh ann ach meon na hollsmachtúlachta agus saint na dearbhfhírinne. Níor ghlac an Crúiseoir riamh leis an náisiúntóireacht mar ghléas le cuspóirí a bhaint amach nó a chur i gcrích, ach mar aidhm inti féin. Níl sé in ann, áfach, a gcás siúd a thuiscint a ghlac leis ó thús báire nach bhfuil fiúntas ar bith leis an náisiúntóireacht ach amháin mar chóir thaistil le teacht suas leis an dea-cheann scríbe, ar nós athbheochan na Gaeilge, nó cibé.
0 turpaankerjuuta:
Lähetä kommentti
<< Himaan