Gaeilge le saothrú i dTampere anois!
I Mí na Nollag fuair mé ríomhphost ó chailín naoi mbliana déag d'aois a bhfuil cónaí uirthi timpeall Tampere, agus ise ag iarraidh cuidiú orm le bun a chur le foghlaim na Gaeilge. Bhí seanchóip bhreise agam d'fhoclóir Uí Dhónaill, chomh maith le foclóir eile nach rabh mé mórán ina chall a thuilleadh, agus chuir mé chuici iad. Bhí mé cineál drochamhrasach nach mbeadh ann ach gnáthbhabhta tobann spéise den chineál a bíos ag daoiní óga agus iad ag lorg a mbealaigh féin sa tsaol seo, ach dealraíonn sé go bhfuil sí dáiríribh ag déanamh a dichill, agus í i ndiaidh Learning Irish le Mícheál Ó Siadhail a fháil mar phronntanas breithlae cheana féin.
Chan fhuil caithréim na Gaeilge le stopadh, buíochas mór le Dia.
0 turpaankerjuuta:
Lähetä kommentti
<< Himaan