An Caighdeán
Bíonn lucht an chanúnachais i dtólamh ag fáil locht ar an gCaighdeán Oifigiúil. Fág is go bhfuil mé ag aontú leo ar go leor bealaí, sílim nach ar an gCaighdeán féin atá an milleán. An té a bhfuil eolas forleathan aige ar na canúintí uile, tagann leis úsáid chruthaitheach a bhaint as an gCaighdeán agus é in ann na cainteoirí dúchais féin a shásamh, ach an teanga a bheith foghlamtha aige chomh foirfe is gur féidir leis gnáthbhotúin na bhfoghlaimeoirí a sheachaint. An chuid is mó de lucht úsáidte an Chaighdeáin, áfach, is cainteoirí neamhdhúchais iad, agus a aithne sin ar a gcuid scríbhinní ó thaobh na comhréire de. Sílim gurb é seo is cúis leis an gcéim suas a fuair an canúnachas, maille leis an gcéim síos a fuair an Caighdeán ó lucht an ghlanteangachais, in Ultaibh ach go háirithe. Mar sin féin, sílim gurb ar an bpointe contráilte a chuir siad an bhéim. Bhuel, is iomaí uair a ríomh mé an scéal seo ó thús deiridh cheana féin, ach má ríomh, ní miste é a dhéanamh uair eile, mar dhíonbhrollach.
Bíodh is go bhfuil cuid mhór den cheart acu siúd ar fearr leo leabhar i gcanúint ná leabhar dianchaighdeánaithe, ní mór a rá nach fiú dul ina mhuinín go sáróidh an chéad cheann acu an dara ceann ar ghlaine na teanga gan eisceacht ar bíth. Cuid de na scríbhneoirí Galltachta, ghlac siad leis gurb amhlaidh don scéal, agus chrom siad ar chruinnaithris a dhéanamh ar ghramadach na canúna ab fhearr a thaitin leo, le súil is go mbeadh an modh sé ina dhíonadh ar an drochGhaeilge. Bhí fuar acu, áfach. Nó is minic is féidir na lochtanna céanna a fháil ar a gcuid scríbhinní-sean agus a bhíonn ag roinnt le cuid mhór de scríbhneoireacht na Galltachta go léir: gníomhaí an tsaorbhriathair; droch-chomhréir in abairtí copaile; agus araile.
0 turpaankerjuuta:
Lähetä kommentti
<< Himaan